Fáilte go Rochtain Chorcaí, treoir Rochtana Mhíchumais do lár cathrach Chorcaí. Soláthraíonn an suíomh gréasáin seo eolas a chabhraíonn le daoine faoi mhíchumas, lena muintir agus lena gcairde chun siopaí, bialanna, tithe tábhairne, cóiríocht agus ionaid siamsaíochta inrochtana i gCathair Chorcaí a aithint.
Is í Comhairle Cathrach Chorcaí a tháirg an suíomh gréasáin i gcomhar le réimse leathan grúpaí Míchumais agus léiríonn sé ár dtiomantas leanúnach i ndáil le seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas a fheabhsú.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’ionchur na ndaoine aonair agus na ngrúpaí uile a chur le hullmhúchán an tsuímh ghréasáin seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil ach go háirithe leis na hoibrithe deonacha a bhailigh eolas ar na hionaid ar leith. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis na hionaid sin atá liostaithe as a gcomhoibriú sa bhfiontar seo.
Tá súil agam go méadaíonn an treoir seo an taitneamh a bhaineann tú as ár gcathair agus táimid ag súil le tú a fheiceáil arís.
Ardmhéara Chorcaí.
Bíodh an suíomh gréasáin léite duit